Skip to main content
Staidéir cháis
Gaeilge
Scléip an tSathairn  ag cruthú ealaíon ar chasadh na Gráige.
Grianghraf ó OChD

‘Sí an Ghaeilge ceann dos na sé theanga Cheilteach. Cé gurb í an an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre tá méid na gcainteoirí laethúla lasmuigh den gcóras Oideachais níos lú ná 80,000. Ta sé seo tarlaithe de bharr iompú teanga leis na cianta agus an taithí céanna ag pobail mionteangeacha eile ar fud an domhain. Ceann de na phríomh thionscnamh den bpleanáil teangan ná ainmniú a dhéanamh ar cheantair ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar theanga pobal mar “Cheantar Gaeltachta”. Beidh an taighde seo á dhéanamh i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí.

Faoin Tionscnamh

Úsáidfaidh an togra modhanna sonraithe cáilaíochtúla agus eitneagrafaíochta chun tuiscint níos fearr a d’fháil ar an treo atá á thogaint ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne - áisíneacht pleanála teangan pobail agus conas a théann siad i ngleic le dul chun cinn an saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíochta i gceantar Gaeltachta. Beidh tuiscint níos fearr againn ar ról thionscnaimh pleanála teangan pobail maidir le caomhnú cultúir agus teanga agus go gcabhródh sé amach anseo linn díriú ar phríomh cheantair eile a thiocfaidh chun cinn. Beidh an togra roinnte suas ina thrí chomhpháirt oibre, na haon ceann ag diriú ar ghnéithe do athbheochan teangan. An chéad chuid de dírithe ar chlannaibh chun scrúdú a dhéanamh ar dhearcadh agus ar sheachadadh teanga. An dara cuid de dírithe ar thograí agus ar thionscnaimh OCD agus faoi mar a fheidhmíonn siad le chéile go straitéiseach. Beidh an triú cuid de dirithe ar na “gcainteoirí nua” Gaeilge. Dearfar tionscnamh pleanála teangan ar an teolas a baileofar go carnach ón dtrí phríomh ghné pobail seo a bheidh úsáideach ní h-ámháin do phobal Chorca Dhuibhne ach mar theimpléad do phobail mionteangach eile ar fud an domhain.

Is féidir teacht ar an tacar sonraí Gaeilge ar líne.

Príomhthaighdeoirí

Is ó Virginia í Cassie SmithChristmas ó dhúchas. Bhronn Ollscoil Ghlaschú dochtúracht ar Chassie i 2012. Bhí a cuid taighde dírithe go mór ar eitneagrafaíocht teaghlaigh a labhrann Gáidhilg na hAlbain ar Eilean Sgitheanach, déanta aici i rith ánrachtaí le hOllscoil na nGarbhchríocha agus na nOiléain agus le hInstitiúid na nDaonnachtaí in Ollscoil Dúnéidean. Scríobh sí Family Language Policy: Maintaining an Endangered Language in the Home(Palgrave, 2016).

Is Stiúrthóir ar Thús Maith de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne í Orlaith Ruiséal. Scéim tacaíochta teangan teaghlaigh, atá ar bun ó 2005. Tá taithí leathan aici ar bhainistiú agus comhordú le taithí foilsitheoireachta agus bíonn sí ag ple leis an bhFeidhmeannach Seirbhíse Sláinte. D’oibrigh sí mar chúntóir taighde le hOllscoil Chorcaí i gcomhar le hOllscoil Bhaile Átha Cliath ar thogra sealbhaithe teanga.


Support the Folklife Festival, Smithsonian Folkways Recordings, Cultural Vitality Program, educational outreach, and more.

.